Bhí seachtain frithbhulaíochta againn sa scoil i mí an
Mheithimh. Rinne Rang 6 tionscnamh ar shábháílteacht ar líne agus dhear siad
postaeir faoi. Croachadh na postaeir timpeall na scoile. Tháínig daltaí ó
Choláiste Chnoc an Phíobaire chugainn chun plé a dhéanamh ar an ábhar freisin.
Bhí oíche eolais ann do thuismitheoirí freisin.
Friday 13 November 2015
Club Leabhair
Buaileann an club leabhair le chéile ar an Aoine sa
leabharlann scoile. Bíonn siad ag roinnt smaointí agus tuairimí faoina leabhair
atá á léamh acu. Bhí lúcháir orthu le déanaí nuair a tháinig an t-udár Siobhain
Grogan chucu chun scéalaíocht a dhéanamh leo ag baint usáíd as a leabhar féin,
‘Cén t-am é?. Mhínigh sí dóibh go bhfuil an méid sin leabhair as Gaeilge ar
fáil anois; scéalaíocht, leabhair lán le firicí, leabhair daite srl. Tá leabhar
ann do gach éínne! Bhí an tráthnóna ag na páistí agus thug Siobhain an
spreagadh dóibh leabhair trí Ghaeilge a léamh.
Friday 9 October 2015
Cuairt ar an nGaeltacht
Cuairt ar an nGaeltacht
I mbliana chuaigh Rang 6 Múinteoir Lára go Gaeltacht Rath
Cairn ar feadh trí lá. Bhí an spórt againn. Ghlacamar páirte i dTráth na
gCeist, cluichí agus toraíocht taisce. Bhí na mná tí ana chinneá1)ta linn agus d’ólamar go leor leor tae. Buaicphointe na
cuairte ná turas go Feirm Causey uair a chuamar ag léim sa phortach; fiú amháín
na múinteoirí. Bhíomar chomh salach le muc! Bhí an drogall orainn teacht
abhaile ach mairfidh na cuimhní de Rath Cairn 2015 linn go deo
Féile Peile Gael- Linn
Féile Peile Gael- Linn
Ghlacamar páirte i bhFéile Peile Gael-Linn i mí
Bhealtaine. D’imríomar ceithre cluiche i gcoinne Gaelscoil Chill Dara, Scoil Uí
Riada agus Galescoil Eoghan Uí Thuairisc. Faraoir ní raibh an bua againn in aon
chluiche ach bhí an craic ar dóigh. Bhaineamar an taitneamh as an Tráth na gCeist
agus ag imirt snúcar. Bhí spaigití agus uachtar reoite againn don dinneár agus
i ndiaidh an céilí bhí súipeár againn. Ní dheachamar a chodladh go dtí 2am. Bhí
Múinteoir Lára ar buile linn. Ní féidir linn fancht go dtí an bhliain seo
chugainn uair a bhéas an bua againn i ngach uile cluiche.
Cuairt ar an bPictiúrlann
Cuairt ar an bPictiúrlann
Is breá le gach éinne sa scoil dul ag an bpictiúrlann ach
faraoir bíonn na scannáín i gcónaí trí Bhéarla. Ach i mí Aibreán 2015, tháinig
athrú ar an scéal sin. D’fhreastal AN SCOIL AR FAD ar an bpictiúrlann Odeon i
Nás na Ríogh chun an scannán Spongebob a fheiceáil. Bhí sé thar barr.
Fuaireamar grán rósta, deoch agus milseáin freisin. Taitníonn an pictiúrlann
linn i bhfad níos mó ná ceachtanna
scoile. Bhí éad ar ár dtuismitheorí ar fad!
Bronnadh Speisialta ón Airm
Bronnadh Speisialta ón Airm
Bhí lúcháír ar an scoil ar fad nuair a tháinig Captaen
Marcus Ó Brógáin agus Amy Dermody chugainn chun an brat naisiúnta agus forógra
1916 a bhronnadh orainn ar an Aoine 21 Meán Fómhair 2015. Chaitheamar an
tseachtain ar fad ag cleachtadh Amhrán na bhFiann don ocáid speisialta
seo. Is sinne an chéad scoil a chan
Amhrán na bhFiann ag an searmáinis oifigiúla. Léigh an Captaen sliocht as an
bhforógra maraon le Múinteoir Anita. Beidh an brat á chur in airde ar an 15 Márta
i ngach bunscoil sa tír.
Seachtain Frithbhulaíocht
Bhí seachtain frithbhulaíochta againn ón 8-12 Meán
Fómhair. D’fhighlaim gach duine sa scoil an t-amhrán ‘Is tú mo bhladhm’. Rinne
Rang 6 tionscnamh ar an mbulaíocht ar líne. Dhear siad posteírí don scoil.
Tháínig an Garda Síochána agus an Garda Olga de Bagúin ina measc agus Gaeilge
líofa aici chun labhairt linn faoin
mbulaíocht ar líne freisin. D’eagraigh Coiste na dTuistí cúrsa do
thuismitheoirí faoin mbulaíochta ar an Máirt 9 Meán Fómhair.
Craobh Ghaelfachtóir
Bhí gach dalta, múinteoir agus tuismitheoir ar bís nuair
a bhailíomar le chéile sa chlós ar an Déardaoin 11 Meitheamh do Chraobh
Gaelfachtóir. Réitigh Coiste na dTuistí Barbeque don phobal scoile uilig maraon
le cranchúr do thicéid go Páirc an Chrócaigh chun ‘The Script’ a fheiceáil. Cé
go ndearna gach rang a míle dhícheall bhí an bua ag Rang 6 le meascán ceoil ón
scannán Pitch Perfect agus Rang 2 leis an amhrán ‘Tóg Amach Mé’. Beidh deis
eile againn ar fad i 2016!
Tuesday 16 June 2015
Seachtain na Gaeilge 2015
Bhí go leor rudaí ar siúl againn le linn Seachtain na
Gaeilge 2015.
Seo cúpla pictiúr:
An Céilí Mór
Bhí an Céilí Mór ar siúl i
mbliana sa CLG i Nás. Buíochas le Cathy as ucht le daltaí a ullmhú don
céilí. Dhíol Rang a 6 na nithe ón “Junior Entrepreneur” Crann na Séasúr.
Bricfeasta ar scoil
Bhí bricfeasta againn ar scoil le linn seachtain na Gaeilge!
Bhí sé ar fheabhas!Chomh maith le sin rinneamar Piotsa ar scoil!
Díolacháin Cácaí
Réitigh Rang a 4 agus
Múinteoir Caroline an Díolacháin i mbliana ag tacú le “Naas Child and Family”.
Bhuaigh Rang a 2 Múinteoir Meabh an duais pizza don iarracht is fearr.
Bhí lá glas againn chomh maith! Rinne na páistí go léir an-iarracht!
Thursday 16 April 2015
GaelFactor GSNR
Seo nasc chuig an comórtas amhránaíocht a bhí ar siúl againn
i rith na bliana. D’aistrigh gach rang amhráin Béarla go Gaeilge. Rinne gach
rang an-iarracht bhí siad go léir thar bharr. Tá na físéain go léir anseo: Gaelfactor GSNR
Rang a Sé Cluichí sa Chlós
Bhí Rang a 6 ag déanamh cluichí sa Chlós an seachtain seo.
Rinne muid rás sealaíochta leo. Bhí an-craic againn.
Cluichí Chlóis
Chuir muid tús le na cluichí chlóis. Gach seachtain beidh
rang amháin ag déanamh cluiche clós leis an gCoiste Gaelbhratach. Thosaigh
muid le rang na Naíonáin Mhóra. Rinne siad Lacha Lacha Gé. Bhí na páistí ar
fheabhas agus bhain siad an-taitneamh as an gcluiche!
Suirbhé
Rinne muid suirbhé chun fáil amach céard iad na botúin is
coitianta a déanann muid go léir ar scoil gach lá. Thug muid suirbhé chuig na
múinteoirí ranga ó Rang a 1 go Rang a 6 chun fáil amach a thuairimí. Úsáidfidh
muid na torthaí chun taispeántais a chur ar an gclár Gaelbhratach agus plé a
dhéanamh ag na tionóil gach seachtain.
An Céilí Mór
Bhí go leor rudaí ar siúl le linn seachtain na Gaeilge, rud
amháin ná an Céilí Mór. Bhí sé ar siúl i CLG Nás. Tháinig gach duine le chéile
agus bhí oíche den scoth againn.
SnaG 2015 Ag labhairt le na tuismitheoirí!
Chuaigh a Coiste Gaelbhratach amach le linn Seachtain na
Gaeilge chun labhairt le na tuismitheoirí. Thug siad bileog le nathanna amach
dóibh bunaithe ar SnaG. Rinne muid é seo chun na tuismitheoirí a spreagadh
bheith ag labhairt Gaeilge.
Tuesday 3 March 2015
Oíche Babhála!
Oíche Babhlála i gcomhpháirt le Gael-Choláiste Chill Dara
Is iomaí comhthionscnaimh a mbíonn againn leis an
ngael-choláiste. Creidimid go láidir gur chóir do dhaltaí leanúint leis an
oideachas trí Ghaeilge. D’éagraigh 1S i nGael-Choláiste Chill Dara oíche
babhlála do Rang 5 agus 6.
Tháinig siad ar cuairt chun na scoile chun insint dúinn
faoi ar dtús. Rinne Glór na Ríogh urraíocht ar an ocáid.
Creid nó ná creid bhí breis agus 100 duine i láthair ar
an oíche idir daltaí bunscoile agus meánscoile. Bhí an craic againn.Bhí Gaeilge
ag foireann KBowl agus bhí sé iontach Gaeilge a labhairt taobh amuigh den
scoil.
Tuesday 3 February 2015
Díospóireacht Rang a Cúig
Alt scríofa ag Rossa
Ó hÍomhair:
Rinneamar ár gcéad díospóireacht i mbliana i Mí Meán Fomhair.
An rún a bhí ann ná ‘Is fiú obair bhaile a thabhairt do pháistí’. Bhí mé ar an
bhfoireann ar son an rún. Tháinig triúr chugainn ó Rang a Sé, a ghlac ról na
moltóirí. Tháinig ár bPríomhoide isteach chun faire orainn is aiseolas a
thabhairt dúinn.
Bhí ar na fóirne dul i mbun pleanála ar dtús. Thug an
múinteoir uimhir do chách agus treoirlínte faoin méid ama a bheadh ann agus
rialacha chun leanuint le linn na díospóireachta. Lean na Moltóirí critéir rathúla
chun pointí a thabhairt do na fóirne.
Bhí Ádhamh ina chaothairleach agus leanamar a chuid
treoracha. Bhí argóintí láidir againn ar nós an tábhacht a bhaineann le obair
bhaile mar ullmhúchán d’obair mheánscoile is taighde sa choláiste. Bhuaigh an
fhoireann a bhí ag labhairt I gcoinne an rún, ach bhí spraoi agus craic againn!
Alt scríofa ag
Órlaith Ní Dhubhsláinne:
Rinnemar ár gcéad díospóireacht i Mí Meán Fómhair. Bhí mé ar
an bhfoireann in aghaidh an rún. Dúirt mé go bhféadfá bheith in ísle brí agus
tuirseach, traochta má fhaigheann tú obair bhaile. Má bhíonn tú tuirseach, ní
bheifeá in ann obair den scoth a dhéanamh. Bíonn spórt is gníomhaiochtaí ar
siúl ag chuile pháiste chomh maith. Bhí an díospóireacht ina eispéireas maith
agus d’oibrigh an dá fhoireann an dian. Bhí an bua ag an bhfoireann le
h-argointi in aghaidh an rún. Bhain mé an taitneamh is tairbhe as an dtaithí
seo!!
Tuesday 27 January 2015
Óg-Ógras
Seo alt a scríobh Saoirse i Rang a 6 dúinn faoin Ógras!
Thosaigh sé go léir amach domsa ag tús na bliana nuair a dúirt mé go raibh mé ag iarraidh freastal ar Ógras. In Ógras déanaimid sacar, greamaithe sa láib, seachin an liathróid agus go leor cluichí eile. Déanfaimid ealaín a bhaineann leis an bhféilire ar nós fearsneachta ag an Nollaig.
Le linn na gníomaíochtaí cócaireachta déanaimid bonnóga
agus brioscaí. Bímid ag súgradh cluichí boird freisin.
Thosaigh sé go léir amach domsa ag tús na bliana nuair a dúirt mé go raibh mé ag iarraidh freastal ar Ógras. In Ógras déanaimid sacar, greamaithe sa láib, seachin an liathróid agus go leor cluichí eile. Déanfaimid ealaín a bhaineann leis an bhféilire ar nós fearsneachta ag an Nollaig.
Tháinig cailín ag an gclub chun cabhrú linn ár
gcuidsamhlaíochta a usáid. Cúpla seachtain ó shin chuamar chun Paddington a
fheiceáíl agus thaitin sé go mór liom. Cúpla seachtaine roimhe sin arís chuamar
ag babhláíl i Kbowl agus fuaireamar rudaí deasa le n-ithe.
Fuinneamh
Seo alt a scríobh cailín i rang a cúig dúinn!
An chéad rud a rinneamar ná d’imríomar cúpla cluichí leis
an daltaí ón gael-choláiste. Tar éis é sin rinneamar scilleanna sorcais le
Johnny. Bhí cead againn seans a fháil ar rothar beag Johnny. Rinneamar go leor
scileanna eile. Bhí sé an spraoiúil.
Ansin rinneamar ealaín. Rinneamar cárta Nollag le crann
3T air. Bhí cuma iontach ar na cártaí. Ansin chuaigh gach duine ag an gclós
chun píosa súgradh a dhéanamh.
Nuair a tháinig gach duine ar ais, bhí an seó sorcas chun
a bheth ar siúl.Bhí na tuismitheoirí ag teacht freisin. Ar dtús chanamar amhrán
na Nollag go dtí gur tháinig Daidí na Nollag. Fuair gach duine milseáin ó
Dhaidí na Nollag. Fuair gach duine
féirín beag ó Dhaidí na Nollag chomh maith. Ansin thosaigh an seó. BHí an seó
iontach maith. Rinne Johnny go leor scileanna casta agus cleasanna.
Ansin tháínig Múinteoir Aoife chun aghaidh dathú a
dhéanamh saor in aisce. Bhí sí go hiontach á dhgéanamh. Bhí go leor spraoi agam
ag Fuinneamh!
Fuinneamh 2014
Bhí borradh mhór fúinn go léir ag Fuinneamh 2014! Féile na Gaeilge a bhí i bhFuinneamh a thug
seans dúinn an Ghaeilge a usáid taobh amuigh den seomra ranga ar an 29/30
Samhain. Bhí neart spraoi agus TORANN ag an gceardlann dramaíochta ar an Aoine agus bhain gach duin taitneamh as
an taispeántas rince ‘Cluichí an Ocrais’
níos déanaí.
Bhuail an grúpa leanaí agus tuistí le chéile fad is go
raibh ceardlann ealaíne agus rince ar siúl thuas staighre.
Bhuail daltaí ón nGael-Choláiste isteach chun maidin
spraoi a reachtáil.
Tar éis am lóin tháinig Aoife chun aghaidh dathú a
dhéanamh agus chuir Johnny Phelan seó sorcais ar siúl dúinn.
Ach buaicphointe an lae ná cuairt ó Dhaidí na Nollag.
Subscribe to:
Posts (Atom)