Tuesday 27 January 2015

Óg-Ógras

Seo alt a scríobh Saoirse i Rang a 6 dúinn faoin Ógras!

Thosaigh sé go léir amach domsa ag tús na bliana nuair a dúirt mé go raibh mé ag iarraidh freastal ar Ógras. In Ógras déanaimid sacar, greamaithe sa láib, seachin an liathróid agus go leor cluichí eile. Déanfaimid ealaín a bhaineann leis an bhféilire ar nós fearsneachta ag an Nollaig.

 
Le linn na gníomaíochtaí cócaireachta déanaimid bonnóga agus brioscaí. Bímid ag súgradh cluichí boird freisin.


Tháinig cailín ag an gclub chun cabhrú linn ár gcuidsamhlaíochta a usáid. Cúpla seachtain ó shin chuamar chun Paddington a fheiceáíl agus thaitin sé go mór liom. Cúpla seachtaine roimhe sin arís chuamar ag babhláíl i Kbowl agus fuaireamar rudaí deasa le n-ithe.

 

Scríofa ag Saoirse Ní Mhórdha Rang 6

Ógras

Seo físean de cheardlann ceoil a bhí againn le hÓgras! Bhí sé ar fheabhas!
 

Fuinneamh

Seo alt a scríobh cailín i rang a cúig dúinn!
 
 
An chéad rud a rinneamar ná d’imríomar cúpla cluichí leis an daltaí ón gael-choláiste. Tar éis é sin rinneamar scilleanna sorcais le Johnny. Bhí cead againn seans a fháil ar rothar beag Johnny. Rinneamar go leor scileanna eile. Bhí sé an spraoiúil.

 

Ansin rinneamar ealaín. Rinneamar cárta Nollag le crann 3T air. Bhí cuma iontach ar na cártaí. Ansin chuaigh gach duine ag an gclós chun píosa súgradh a dhéanamh.

 

Nuair a tháinig gach duine ar ais, bhí an seó sorcas chun a bheth ar siúl.Bhí na tuismitheoirí ag teacht freisin. Ar dtús chanamar amhrán na Nollag go dtí gur tháinig Daidí na Nollag. Fuair gach duine milseáin ó Dhaidí na  Nollag. Fuair gach duine féirín beag ó Dhaidí na Nollag chomh maith. Ansin thosaigh an seó. BHí an seó iontach maith. Rinne Johnny go leor scileanna casta agus cleasanna.

 

Ansin tháínig Múinteoir Aoife chun aghaidh dathú a dhéanamh saor in aisce. Bhí sí go hiontach á dhgéanamh. Bhí go leor spraoi agam ag Fuinneamh!

 

Scríofa ag Aoibhínn Zobenko Rang 5

Fuinneamh 2014


Bhí borradh mhór fúinn go léir ag Fuinneamh 2014!  Féile na Gaeilge a bhí i bhFuinneamh a thug seans dúinn an Ghaeilge a usáid taobh amuigh den seomra ranga ar an 29/30 Samhain. Bhí neart spraoi agus TORANN ag an gceardlann dramaíochta  ar an Aoine agus bhain gach duin taitneamh as an taispeántas rince  ‘Cluichí an Ocrais’ níos déanaí.

 

Bhuail an grúpa leanaí agus tuistí le chéile fad is go raibh ceardlann ealaíne agus rince ar siúl thuas staighre.

 

Bhuail daltaí ón nGael-Choláiste isteach chun maidin spraoi a reachtáil.

 

Tar éis am lóin tháinig Aoife chun aghaidh dathú a dhéanamh agus chuir Johnny Phelan seó sorcais ar siúl dúinn.

Ach buaicphointe an lae ná cuairt ó Dhaidí na Nollag.