Alt scríofa ag Rossa
Ó hÍomhair:
Rinneamar ár gcéad díospóireacht i mbliana i Mí Meán Fomhair.
An rún a bhí ann ná ‘Is fiú obair bhaile a thabhairt do pháistí’. Bhí mé ar an
bhfoireann ar son an rún. Tháinig triúr chugainn ó Rang a Sé, a ghlac ról na
moltóirí. Tháinig ár bPríomhoide isteach chun faire orainn is aiseolas a
thabhairt dúinn.
Bhí ar na fóirne dul i mbun pleanála ar dtús. Thug an
múinteoir uimhir do chách agus treoirlínte faoin méid ama a bheadh ann agus
rialacha chun leanuint le linn na díospóireachta. Lean na Moltóirí critéir rathúla
chun pointí a thabhairt do na fóirne.
Bhí Ádhamh ina chaothairleach agus leanamar a chuid
treoracha. Bhí argóintí láidir againn ar nós an tábhacht a bhaineann le obair
bhaile mar ullmhúchán d’obair mheánscoile is taighde sa choláiste. Bhuaigh an
fhoireann a bhí ag labhairt I gcoinne an rún, ach bhí spraoi agus craic againn!
Alt scríofa ag
Órlaith Ní Dhubhsláinne:
Rinnemar ár gcéad díospóireacht i Mí Meán Fómhair. Bhí mé ar
an bhfoireann in aghaidh an rún. Dúirt mé go bhféadfá bheith in ísle brí agus
tuirseach, traochta má fhaigheann tú obair bhaile. Má bhíonn tú tuirseach, ní
bheifeá in ann obair den scoth a dhéanamh. Bíonn spórt is gníomhaiochtaí ar
siúl ag chuile pháiste chomh maith. Bhí an díospóireacht ina eispéireas maith
agus d’oibrigh an dá fhoireann an dian. Bhí an bua ag an bhfoireann le
h-argointi in aghaidh an rún. Bhain mé an taitneamh is tairbhe as an dtaithí
seo!!