Thursday 16 April 2015

GaelFactor GSNR

Seo nasc chuig an comórtas amhránaíocht a bhí ar siúl againn i rith na bliana. D’aistrigh gach rang amhráin Béarla go Gaeilge. Rinne gach rang an-iarracht bhí siad go léir thar bharr. Tá na físéain go léir anseo: Gaelfactor GSNR

Rang a Sé Cluichí sa Chlós

Bhí Rang a 6 ag déanamh cluichí sa Chlós an seachtain seo. Rinne muid rás sealaíochta leo. Bhí an-craic againn. 

Cluichí Chlóis

Chuir muid tús le na cluichí chlóis. Gach seachtain beidh rang amháin ag déanamh cluiche clós leis an gCoiste Gaelbhratach. Thosaigh muid le rang na Naíonáin Mhóra. Rinne siad Lacha Lacha Gé. Bhí na páistí ar fheabhas agus bhain siad an-taitneamh as an gcluiche!

Suirbhé


Rinne muid suirbhé chun fáil amach céard iad na botúin is coitianta a déanann muid go léir ar scoil gach lá. Thug muid suirbhé chuig na múinteoirí ranga ó Rang a 1 go Rang a 6 chun fáil amach a thuairimí. Úsáidfidh muid na torthaí chun taispeántais a chur ar an gclár Gaelbhratach agus plé a dhéanamh ag na tionóil gach seachtain.  

An Céilí Mór

Bhí go leor rudaí ar siúl le linn seachtain na Gaeilge, rud amháin ná an Céilí Mór. Bhí sé ar siúl i CLG Nás. Tháinig gach duine le chéile agus bhí oíche den scoth againn.




SnaG 2015 Ag labhairt le na tuismitheoirí!


Chuaigh a Coiste Gaelbhratach amach le linn Seachtain na Gaeilge chun labhairt le na tuismitheoirí. Thug siad bileog le nathanna amach dóibh bunaithe ar SnaG. Rinne muid é seo chun na tuismitheoirí a spreagadh bheith ag labhairt Gaeilge.