Friday 9 October 2015

Cuairt ar an nGaeltacht

Cuairt ar an nGaeltacht

I mbliana chuaigh Rang 6 Múinteoir Lára go Gaeltacht Rath Cairn ar feadh trí lá. Bhí an spórt againn. Ghlacamar páirte i dTráth na gCeist, cluichí agus toraíocht taisce. Bhí na mná tí ana chinneá1)ta linn agus d’ólamar go leor leor tae. Buaicphointe na cuairte ná turas go Feirm Causey uair a chuamar ag léim sa phortach; fiú amháín na múinteoirí. Bhíomar chomh salach le muc! Bhí an drogall orainn teacht abhaile ach mairfidh na cuimhní de Rath Cairn 2015 linn go deo

Féile Peile Gael- Linn

Féile Peile Gael- Linn

Ghlacamar páirte i bhFéile Peile Gael-Linn i mí Bhealtaine. D’imríomar ceithre cluiche i gcoinne Gaelscoil Chill Dara, Scoil Uí Riada agus Galescoil Eoghan Uí Thuairisc. Faraoir ní raibh an bua againn in aon chluiche ach bhí an craic ar dóigh. Bhaineamar an taitneamh as an Tráth na gCeist agus ag imirt snúcar. Bhí spaigití agus uachtar reoite againn don dinneár agus i ndiaidh an céilí bhí súipeár againn. Ní dheachamar a chodladh go dtí 2am. Bhí Múinteoir Lára ar buile linn. Ní féidir linn fancht go dtí an bhliain seo chugainn uair a bhéas an bua againn i ngach uile cluiche.





Cuairt ar an bPictiúrlann

Cuairt ar an bPictiúrlann

Is breá le gach éinne sa scoil dul ag an bpictiúrlann ach faraoir bíonn na scannáín i gcónaí trí Bhéarla. Ach i mí Aibreán 2015, tháinig athrú ar an scéal sin. D’fhreastal AN SCOIL AR FAD ar an bpictiúrlann Odeon i Nás na Ríogh chun an scannán Spongebob a fheiceáil. Bhí sé thar barr. Fuaireamar grán rósta, deoch agus milseáin freisin. Taitníonn an pictiúrlann linn i bhfad níos mó ná  ceachtanna scoile. Bhí éad ar ár dtuismitheorí ar fad!


Bronnadh Speisialta ón Airm

Bronnadh Speisialta ón Airm
Bhí lúcháír ar an scoil ar fad nuair a tháinig Captaen Marcus Ó Brógáin agus Amy Dermody chugainn chun an brat naisiúnta agus forógra 1916 a bhronnadh orainn ar an Aoine 21 Meán Fómhair 2015. Chaitheamar an tseachtain ar fad ag cleachtadh Amhrán na bhFiann don ocáid speisialta seo.  Is sinne an chéad scoil a chan Amhrán na bhFiann ag an searmáinis oifigiúla. Léigh an Captaen sliocht as an bhforógra maraon le Múinteoir Anita. Beidh an brat á chur in airde ar an 15 Márta i ngach bunscoil sa tír.







Seachtain Frithbhulaíocht



Bhí seachtain frithbhulaíochta againn ón 8-12 Meán Fómhair. D’fhighlaim gach duine sa scoil an t-amhrán ‘Is tú mo bhladhm’. Rinne Rang 6 tionscnamh ar an mbulaíocht ar líne. Dhear siad posteírí don scoil. Tháínig an Garda Síochána agus an Garda Olga de Bagúin ina measc agus Gaeilge líofa aici  chun labhairt linn faoin mbulaíocht ar líne freisin. D’eagraigh Coiste na dTuistí cúrsa do thuismitheoirí faoin mbulaíochta ar an Máirt 9 Meán Fómhair.
Craobh Ghaelfachtóir

Bhí gach dalta, múinteoir agus tuismitheoir ar bís nuair a bhailíomar le chéile sa chlós ar an Déardaoin 11 Meitheamh do Chraobh Gaelfachtóir. Réitigh Coiste na dTuistí Barbeque don phobal scoile uilig maraon le cranchúr do thicéid go Páirc an Chrócaigh chun ‘The Script’ a fheiceáil. Cé go ndearna gach rang a míle dhícheall bhí an bua ag Rang 6 le meascán ceoil ón scannán Pitch Perfect agus Rang 2 leis an amhrán ‘Tóg Amach Mé’. Beidh deis eile againn ar fad i 2016!