Bhí seachtain frithbhulaíochta againn sa scoil i mí an
Mheithimh. Rinne Rang 6 tionscnamh ar shábháílteacht ar líne agus dhear siad
postaeir faoi. Croachadh na postaeir timpeall na scoile. Tháínig daltaí ó
Choláiste Chnoc an Phíobaire chugainn chun plé a dhéanamh ar an ábhar freisin.
Bhí oíche eolais ann do thuismitheoirí freisin.
Friday 13 November 2015
Club Leabhair
Buaileann an club leabhair le chéile ar an Aoine sa
leabharlann scoile. Bíonn siad ag roinnt smaointí agus tuairimí faoina leabhair
atá á léamh acu. Bhí lúcháir orthu le déanaí nuair a tháinig an t-udár Siobhain
Grogan chucu chun scéalaíocht a dhéanamh leo ag baint usáíd as a leabhar féin,
‘Cén t-am é?. Mhínigh sí dóibh go bhfuil an méid sin leabhair as Gaeilge ar
fáil anois; scéalaíocht, leabhair lán le firicí, leabhair daite srl. Tá leabhar
ann do gach éínne! Bhí an tráthnóna ag na páistí agus thug Siobhain an
spreagadh dóibh leabhair trí Ghaeilge a léamh.
Subscribe to:
Posts (Atom)