Beidh Gaelfachtóir ar siúl arís i mbliana ar an Déardaoin 29
Meithimh agus tá na ranganna ana ghnóthach ag aistriú amhráin agus á
chleachtadh don lá mór. Cé acu a bhéas an bua i mbliana?
Thursday 25 May 2017
Seachtain na Gaeilge
Bhain gach duine an sult as Seachtain na Gaeilge. Bhí
bricfeasta trí Ghaeilge againn sa scoil. Chuireamar failte roimh Scoil
Náisiúnta Cill na Sí agus Scoil Naomh Daithí go Tráth na gCeist . Bhí sé
iontach casadh le páistí ó scoileanna eile agus Gaeilge a labhairt leo. Tháinig
fear an uachtar reoite ar an Aoine le uachtar reoite ghlas do gach duine sa
scoil.
Mhúin Múinteoir Bertie rince amháin do gach rang agus bhí
ceilí iontach again sa halla. Leis sin bhí seó tallainne ag an gclub óg-ógras
agus bhí na tuismitheoirí ar fad i láthair.
Buaicphointe na seachtaine ná cuairt óna Fanzini. Chuir Con
Fanzini léiriú iontach de scilleanna sorcais ar fáil dúinn agus bhain gach uile
duine taitneamh as.
Ghlacamar páírte i gcomórtaisí Seachtain na Gaeilge freisin
agus rinneadh na teastaisí ar na páistí ag an tionól le déanaí.
Subscribe to:
Posts (Atom)